|
|
|
|
|
|
||
|
Sráidainmneacha Béarla / Gaeilge i dTuaisceart Éireann San Fhómhar 2005 thosaigh Tioscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann i Roinn na Gaeilge agus na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, ar scéim (maoinithe ag Foras na Gaeilge) le leaganacha Gaeilge logainmneacha agus seoltaí poist i dTuaisceart Éireann a chur ar fáil. Don scéim seo, ceapadh beirt thaighdeoir breise, Ciarán Dunbar agus Paul Tempan, le dul ag obair leis na dtaighdeoirí sinsearacha, an Dochtúir Kay Muhr agus an Dochtúir Patrick McKay. Bunaíodh Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sa bhliain 1987 agus cheana féin bhí gasaitéar de logainmneacha Thuaisceart Éireann agus bunachar sonraí d’eolas stairiúil ar sheanlogainmneacha riaracháin (m.s. bailte fearainn, paróistí agus barúntachtaí, mar aon le bailte agus sráidbhailte) curtha le chéile. Maidir leis an mhódh oibre do scéim Fhoras na Gaeilge tá idir eolas a bhí bailithe cheana féin agus thaighde úr i gceist. Thiomsaigh na taighdeoirí úra gasaitéar d’ainmneacha sráideanna agus bóithre sna sprioc-cheantracha agus bhailigh siad barúlacha áitiúla agus fuaimnithe áitiúla. Rinne Pat McKay athbhreithniú agus eagarthóireacht ar na leaganacha Gaeilge nó ar bhunús na n-ainmneacha i seoltái poist áitiúla agus pléigh an grúpa iomlán, Kay Muhr ina measc, logainmneacha deacra i seiminéir. Rinneadh breithiúnas ar chiall gach logainmn, mar aon ar litriú inghlactha Gaeilge. Le linn na hoibre, thangthas ar mórán ainmneacha eile ar ghnéithe den tírdhreach agus tá sé i gceist iad seo a chur le gasaitéar Thuaisceart Éireann. San Fhómhar 2006 fuarthas maoiniú ón Iontaobhas Ultach le torthaí na hoibre a chur ar fáil anseo, ar shuíomh idirlín Chumann Logainmneacha Uladh. Tá an t-eolas ar fáil i bhfoirm PDF (thíos) fá láthair ach táthar ag súil go mbeidh bunachar ar líne ar fáil amach anseo. Antrim Council Area - (Shilvodan, Randalstown, Toome, Cranfield electoral wards) Ards (Portaferry and Kirkcubbin Wards) Belfast West (Including parts of Lisburn) Dungannon & South Tyrone Borough Council (East) Newtownabbey (Collinbridge electoral ward) Omagh Council Area (Road-names) NIPNP Street-name Project Bibliography Cé go bhfuil sé ar intinn ag Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann an togra seo a chur i gcrích go hiomlán ar fud an Tuaiscirt, ba léir ón tús nach mbeadh go leor ama / maoiniú ann chun sin a dhéanamh ag an am seo. Uime sin, díríodh ar na ceantracha is mó Gaeilgeoirí iontu de réir an Daonáirimh 2001. Mar gheall ar an togra seo, tá lucht labhartha na Gaeilge agus duine ar bith atá á iarraidh, ábalta an leagan Gaeilge dena seoltaí poist a úsáid agus a bheith cinnte go bhfuil siad ag baint úsáid as leagan Gaeilge beacht de. Chomh maith leis sin, tá eagraíochtaí stáit, agus an Royal Mail ach go háirithe, ábalta plé le comhfhreagras as Gaeilge ar dhóigh i bhfad níos éifeachtaí ná mar a bhí siad ábalta go dtí seo. Cuirtear an-chuid eolas ar fáil anseo ar logainmneacha Gaeilge agus ar shloinntí Gaelacha mar thoradh ar an shaothar seo. Tá bunús na Gaeilge leis an chuid is mó de na logainmneacha i dTuaisceart na hÉireann agus is oidhreacht choiteann é ár dtimpeallacht logainmneacha sa tsochaí. Tá an t-eolas eagraithe i gceithre cholún ...
Baineadh úsáid as cuid mhór ábhar leis an saothar seo a chur i gcrích ach cloíodh oiread agus a b’fhéidir leis na prionsabail agus leis na leaganacha Gaeilge sna príomhfhoinsí seo a leanas.
Noda : DT = aistriúchán díreach. PT = leath-aistriúchán. Tá sé ar intinn againn a bheith ag cur leis an saothar seo i rith an ama, mar sin de, cuirfear fáilte roimh ceartúcháin, eolas nó tuairim ar bith a bhaineann leis. Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann Roinn na Gaeilge agus na Ceiltise School of Languages, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, BT7 1NN Tuaisceart Éireann
|
|
![]() |
![]() |